Tá seachtain na Gaeilge linn agus chun an tseachtain a chéiliúradh bhí seó againn san halla ar maidin . ‘Cinnín Óir agus na Trí Bhéar’ an teideal a bhí air. Bhí an scéal léite againn ‘sna ranganna agus na hamhráin foghlamtha againn freisin. Bhí an tamhrán deas ‘Teidí Beag Álainn’ le cloisteáil timpeall na scoile agus bhí gliondar croí ar gach éinne.



Táimid go mór faoi chomaoin ag an gcomhlacht ‘Productions Clois Laoi’ as ucht teacht go dtí an scoil ar maidin. Bhí siad ar fheabhas ar fad agus bhain gach dalta lán-taitneamh as an seó iontach. Beidh siad ar ais arís an bhliain seo chugainn le Cúnamh Dé.