Biongó San Halla.

Bhí an-lá againn ar scoil inniu nuair a bhí biongó as Gaeilge againn san halla ag céiliúradh Seachtain na Gaeilge.

Tháinig Séamus Ó Mainnín agus táimid go mór faoi chomaoin aige agus ag Ms. Manning freisin as ucht an ócáid iontach seo a chur ós ár gcomhair. Bhí tuismitheoirí linn freisin agus bhain gach duine a bhí in ár dteannta ar maidin lán taitneamh as an mbiongó . Bhí go leor duaiseanna le fáil agus flosc ar gach páiste an lámh in uachtar a fháil.

B’aoibhinn an lá a bhí againn agus sinn ag súil leis arís an bhliain seo chugainn.